{"componentChunkName":"component---src-templates-section-template-js","path":"/ga/6/1","result":{"data":{"markdown":{"htmlAst":{"type":"root","children":[{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"lead","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tosóimid trí aghaidh a thabhairt ar fhadhb atá aitheanta mar cheann de na fadhbanna is deacra dá bhfuil ann: tuar na todhchaí."}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Seans go mbeidh sé ina ábhar díomá duit é seo a chloisteáil, ach níl aon liathróid chriostail againn a thaispeánfadh dúinn an dóigh a mbeidh an domhan sa todhchaí ná an dóigh a ndéanfaidh intleacht shaorga ár saol a athrú amach anseo."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ós eolaithe muid, is minic a iarrtar orainn tuartha a dhéanamh, agus nuair a dhiúltaímid, glactar lenár bhfreagra le hiompú cáinteach na súl i gceann an duine (“a leithéid d’acadóirí leadránacha”). I ndáiríre, is é a deirimid féin ná gur cheart amhras a bheith ort faoi dhuine ar bith a mhaíonn gurb eol dó todhchaí na hintleachta saorga agus na himpleachtaí a bheidh i ndán dár sochaí mar gheall uirthi."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"illustrations","properties":{"motive":"hammock","color":"#FFC07F","frombottom":"15%","totalheight":"63%"},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Réimse saofa na réadúlachta"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ní bhíonn gach duine chomh coimeádach faoina réamhaisnéisí áfach. I saol na linne seo ina gcuirtear tuilleadh luacha ar chinnlínte móra, agus inar gá an nuacht a achoimriú chomh dlúth le 280 carachtar, cuirtear teachtaireachtaí leamha coimeádacha ar leataobh, agus tugtar tús áite don aibhéal agus do theachtaireachtaí simplí agus drámatúla. Ó thaobh thuiscint an phobail ar IS, is léir gur fíor é sin."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Ó fhíseanna útóipeacha go tuartha gruama","description":"Bíonn earnáil na meán faoi anáil na dtuartha is imeallaí. Feictear na laethanta seo, daoine atá cáiliúil i dtaobh na hintleachta saorga, a chreideann in aon smaoineamh mór amháin, ag déanamh réamhaisnéisí feasa faoi thodhchaí na hintleachta saorga. Is breá leis na meáin teachtaireachtaí soiléire. Geallann cuid acu todhchaí útóipeach lena mbainfeadh borradh easpónantúil agus tionscail na dtrilliún dollar ag eascairt as gorm na spéire, fíorintleacht shaorga a réiteodh gach fadhb nach féidir linn a réiteach muid féin, agus ré ina mbeadh daoine saor ó dhaoirse na hoibre.

Tuartar freisin gur bealach é an intleacht shaorga chun forlámhas domhanda a bhaint amach. Déanann daoine eile ráitis níos éagsamhalta fós gurb ionann intleacht shaorga agus deireadh an chine dhaonna (tuairim is 20-30 bliain amach ón am seo), go n-athrófar an bheatha í féin go n-athrófar an bheatha í féin i “ré na hintleachta saorga”, agus go bhféadfadh an intleacht shaorga deireadh a chur leis an gcine daonna féin."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is é is dócha go mbeidh cuid de na réamhaisnéisí ar aon dul leis an todhchaí i bpáirt ar a laghad, i gcás roinnt eile acu ní bheidh iontu ach samplaí ar a dheacair agus a bhíonn sé tuar a dhéanamh, agus beidh go leor eile acu gan dealramh in aon chor. Is é is cuspóir dúinn go mbeidh tú in ann amharc ar na réamhaisnéisí sin agus ar chinn eile, agus a bheith in ann iad a mheas go criticiúil."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Maidir le gráinneoga agus sionnaigh"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Déanann an t-eolaí polaitiúil "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"href":"https://en.wikipedia.org/wiki/Philip_E._Tetlock","target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"]},"children":[{"type":"text","value":"Philip E. Tetlock"}]},{"type":"text","value":", údar "},{"type":"element","tagName":"em","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Superforecasting: The Art and Science of Prediction"}]},{"type":"text","value":", daoine a aicmiú ina dhá chatagóir: iadsan nach bhfuil ach aon smaoineamh mór acu (“gráinneoga”), agus iad siúd a bhfuil an t-iliomad smaointí beaga acu (“sionnaigh”). Rinne Tetlock turgnamh idir 1984 agus 2003 chun staidéar a dhéanamh ar thosca a bheadh ina gcuidiú dúinn na tuartha ar dhócha iad a bheith cruinn nó míchruinn a aithint. I measc na gcinntí suntasacha fuarthas amach go mbíonn claonadh ag sionnaigh a bheith i bhfad níos fearr i mbun tuartha ná gráinneoga, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le réamhaisnéisiú fadtéarmach."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is mó an seans i gcónaí gurb iad smaointe móra agus simplí na ngráinneog na teachtaireachtaí ar féidir iad a chur in iúl gan ach 280 carachtar. Is é ár gcomhairle aird a thabhairt ar fhoinsí faisnéise a bhfuil bonn cirt agus cothromaíocht ag gabháil leo, agus a bheith amhrasach faoi dhaoine a mhíníonn gach uile rud i gcónaí leis an t-aon argóint cheannann chéanna."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is deacair an rud é an todhchaí a thuar ach ar a laghad is féidir linn intleacht shaorga san am atá thart agus san am atá i láthair a bhreithniú, agus de bhun na tuisceana sin, le cúnamh Dé, a bheith ullamh ar dhóigh níos fearr don todhchaí, bíodh sí maith nó olc."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"illustrations","properties":{"motive":"winter","color":"#859fff","frombottom":"0","totalheight":"100%"},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Geimhridh na hintleachta saorga"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is iomaí thuas seal thíos seal a bhí ann i stair na hintleachta saorga, faoi mar a bhíonn i gcás treochtaí in go leor réimsí eolaíochta eile. Paraidím is ea an téarma le haghaidh treocht i bhfealsúnacht na heolaíochta. De ghnáth, glacann an chuid is mó den phobal taighde le paraidím áirithe agus déanann siad tuartha soirbhíocha faoin dul chun cinn lena bhfuiltear ag súil roimh i bhfad. Mar shampla, sna 1960í creideadh go forleathan go réiteodh líonraí néaracha fadhbanna uile na hintleachta saorga trí aithris a dhéanamh ar néarchóras foghlama an nádúir, inchinn an duine go háirithe. Córais shaineolaíocha a bhí ar an gcéad iontas eile agus iad bunaithe ar loighic agus ar rialacha arna gcódú ag duine agus bhí na córais sin ar an bparaidím ba mhó le linn na 1980í."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Timthriall na gaotaireachta"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ag tús gach ré, cuireann roinnt luathscéalta ratha sonas agus soirbhíochas ar chách. Tarraingítear aird an phobail ar na scéalta ratha, fiú mura mbaineann siad ach le réimsí teoranta agus iad easnamhach ar neart bealaí. Brostaíonn go leor taighdeoirí isteach i réimse na hintleachta saorga – nó ar a laghad luann siad intleacht shaorga lena gcuid taighde – d’fhonn teacht ar an maoiniú méadaithe taighde. Déanann cuideachtaí a gcuid iarrachtaí a thionscnamh agus a fhairsingiú i dtaobh intleacht shaorga ar eagla go gcaillfidís amach (FOMO i mBéarla)."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Go dtí seo, gach uair a bhí réiteach ginearálta uile-chuimsitheach i leith na hintleachta saorga in ainm agus a bheith ar na bacáin, chuirfí bac faoi dheireadh ar an dul chun cinn de dheasca fadhbanna do-réitithe, ar measadh nach raibh iontu ach fadhbanna beaga ag an am. I gcás líonraí néaracha sna 1960í, bhain na fadhbanna beaga le láimhseáil neamhlíneachtaí agus réiteach na bhfadhbanna meaisínfhoghlama a ghabhann le méadú ar líon na bparaiméadar a bhíonn ag teastáil ó ailtireachtaí líonraí néaracha. I gcás córais shaineolaíocha sna 1980í, bhain na fadhbanna beaga le láimhseáil éiginnteachta agus gnáthchéille. De réir mar a tuigeadh fíor-nádúr na bhfadhbanna a bhí fágtha i ndiaidh na mblianta streachailte agus gealltanais nár comhlíonadh go sásúil, ghéaraigh ar an doirbhíochas faoin bparaidím as a dtáinig geimhreadh i leith na hintleachta saorga: tháinig laghdú ar an spéis sa réimse agus díríodh iarrachtaí taighde in áiteanna eile."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Intleacht shaorga ár linne"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Faoi láthair, ó thús na mílaoise, tá borradh faoi earnáil na hintleachta saorga arís. Bíonn claonadh ag modhanna intleachta saorga nua-aimseartha díriú ar fhadhb a bhriseadh síos i roinnt fadhbanna beaga leithliseacha dea-shainithe agus iad a réiteach ceann ar cheann. Tá intleacht shaorga nua-aimseartha ag seachaint ceisteanna móra faoi bhrí na hintleachta, na hintinne agus na comhfhiosachta, ag díriú isteach ar réitigh fhóinteacha a fhorbairt chun dul i ngleic le fadhbanna sa saol nithiúil. Dea-scéal dúinne go léir agus sinn in ann leas a bhaint as réitigh dá leithéid!"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tréith eile de mhodhanna nua-aimseartha na hintleachta saorga, a bhaineann go dlúth le hobair i saol nithiúil atá casta agus “trí chéile”, is ea an cumas déileáil leis an éiginnteacht, rud a léiríomar trí staidéar a dhéanamh ar úsáidí dóchúlachta i dtaobh na hintleachta saorga i gCaibidil 3. Faoi dheoidh, cuireadh go mór leis an mborradh faoin intleacht shaorga mar gheall ar an spéis as an nua i líonraí néaracha agus i dteicnící domhainfhoghlama atá in ann íomhánna agus sonraí an tsaoil nithiúil a phróiseáil ar dhóigh atá níos fearr ná aon rud a bhí déanta roimhe seo."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Mar sin an bhfuilimid fós faoi scáth thimthriall na gaotaireachta?","description":"Neosfaidh an aimsir cé acu atá an stair timthriallach nó nach bhfuil, agus cé acu a thiocfaidh geimhreadh eile don intleacht shaorga sna sála ar an mborradh atá ann faoi láthair nó nach dtiocfaidh. Má thagann féin, agus má thagann moill agus fos ar an dul chun cinn chun réitigh níos fearr a fháil, tá suntasacht na hintleachta saorga sa tsochaí buan. A bhuí leis an mbéim ar réitigh fhóinteacha ar fhadhbanna sa saol nithiúil, bíonn taighde nua-aimseartha ar an intleacht shaorga tairbhiúil cheana sa lá atá inniu ann, seachas a bheith ag iarraidh na ceisteanna móra faoin intleacht i gcoitinne a réiteach i dtosach – an chúis gur theip ar iarrachtaí roimhe seo."},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tuar 1: Beidh IS mórthimpeall orainn i gcónaí"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Faoi mar is cuimhin leat, thosaíomar ag spreagadh staidéar ar an intleacht shaorga trí fheidhmeanna suntasacha na hintleachta saorga a imríonn tionchar ar ár saol a phlé. Rinneamar trí shampla a thabhairt chun suntais: feithiclí uathrialaitheacha, córais moltaí, agus próiseáil íomhánna agus físeán. Le linn an chúrsa, phléamar freisin raon leathan feidhmeanna eile a rannchuidíonn leis an aistriú teicneolaíoch atá ar siúl."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"An difríocht a dhéanann intleacht shaorga","description":"Cion agus gur díríodh ar phraiticiúlacht seachas ar na fadhbanna móra, gabhaimid ar aghaidh leis an saol agus an intleacht shaorga ag imirt tionchair i gcónaí (fiú má táimid go gliondrach dall ar a leithéid an chuid is mó den am): an ceol lena n-éistimid, na táirgí a cheannaímid ar líne, na scannáin agus na sraitheanna ar a n-amharcaimid, ár mbealaí iompair, agus fiú an nuacht agus an fhaisnéis a bhíonn ar fáil dúinn, bíonn siad go léir ag sleamhnú faoi anáil thionchar méadaitheach na hintleachta saorga. Anuas air sin, go bunúsach bíonn gach aon réimse eolaíochta, ón leigheas agus ón réalteolaíocht go stair na meánaoiseach ag baint leasa as modhanna intleachta saorga chun cur lenár dtuiscint ar an gcosmas agus orainn féin."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"illustrations","properties":{"motive":"terminator","color":"#e9e9ed","frombottom":"0","totalheight":"80%"},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tuar 2: ní bheidh aon Terminator sa mhullach orainn"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tá an Terminator ar cheann de na smaointe is forleataí agus is dianseasmhaí maidir le todhchaí na hintleachta saorga. Ar eagla gur éirigh leat cailliúint amach ar íomhá an róbait dhaonnóidigh bhrúidiúil sin ag a bhfuil cnámharlach miotail agus súile scéiniúla...bheul, is mar sin é. Is scannán é The Terminator a tháinig amach in 1984 a raibh James Cameron ina stiúrthóir air. Sa scannán, éiríonn córas cosanta domhanda atá faoi chumhacht na hintleachta saorga comhfhiosach gurb ann dó agus díbríonn sé an chuid is mó den chine daonna de dhroim an tsaoil le hairm núicléacha agus róbaití marfacha ardteicneolaíochta."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Dhá chás ó bhroinne an bhrátha","description":"Tá dhá chás mhalartacha ann a maítear go bhféadfaidís a bheith ina gcúis le haghaidh theacht an Terminator nó cineálacha scáfara eile de cheannaircí róbaití. Sa chéad cheann, .i. an scéal ó scannán a tháinig amach in 1984, éiríonn córas intleachta saorga comhfhiosach agus breithníonn sé go bhfuil an dearg-ghráin aige ar an gcine daonna i gcoitinne.

Sa dara cás malartach, bíonn an t-arm róbaití á rialú ag córas intleachta saorga a bhfuil intleacht aige ach nach bhfuil ina chóras intleachta saorga comhfhiosach agus dá réir sin é faoi smacht ag daoine i bprionsabal. Is féidir an córas a ríomhchlárú, cuir i gcás, chun táirgeadh fáiscíní páipéir a bharrfheabhsú. Neamhurchóideach go leor, meas tú?

Ach dá mbeadh intleacht uachtarach ag an gcóras, roimh i bhfad bhainfeadh sé amach uasleibhéal tháirgeadh na bhfáiscíní páipéir a bheadh indéanta leis na hacmhainní a bheadh ar fáil, fuinneamh agus amhábhair, cuir i gcás. Ina dhiaidh sin, seans go gcinnfeadh sé gur ghá dó tuilleadh acmhainní a athdhíriú i dtreo tháirgeadh na bhfáiscíní páipéir. Chun é sin a dhéanamh, seans go mbeidh air úsáid acmhainní le haghaidh cuspóirí eile a chosc fiú má tá siad ríthábhachtach le haghaidh shibhialtacht an chine dhaonna. Is é an bealach is éasca chun é sin a dhéanamh ná na daoine go léir a mharú, agus ina dhiaidh sin beidh i bhfad níos mó acmhainní ar fáil do phríomhthasc an chórais, .i. fáiscíní páipéir a tháirgeadh."},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Na cúiseanna go bhfuil na cásanna sin neamhréalaíoch"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tá roinnt cúiseanna ann gur éadóigh iad na cásanna thuas araon agus go mbaineann siad le ficsean eolaíochta seachas le tuairimíocht dháiríre faoi thodhchaí na hintleachta saorga."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h3","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Cúis 1:"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ar an gcéad dul síos, is saonta an smaoineamh é go n-éireodh intleacht shaorga comhfhiosach ag a bhfuil sár-intleacht aníos gan choinne as forbairt ar mhodhanna intleachta saorga agus an cumas aici an lámh in uachtar a fháil ar an gcine daonna. Faoi mar atá feicthe agat sna caibidlí roimhe seo, níl i modhanna intleachta saorga ach réasúnaíocht uathoibrithe, bunaithe ar mheascán prionsabal atá glan intuigthe agus an-chuid sonraí ionchuir, a mbíonn an dá shórt ruda sin á gcur ar fáil ag daoine nó ag córais a imlonnaíonn daoine. Bheadh samhlaíocht (thar a bheith) bríomhar ag teastáil ag duine chun a shamhlú go bhféadfadh aicmitheoir na comharsan is gaire, cúlchéimniú líneach, inneall cluiche AlphaGo, nó fiú domhainlíonra néarach éirí comhfhiosach agus tabhairt faoi éabhlóidiú ina intinn intleachta saorga ag a bhfuil sár-intleacht."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tabhair faoi deara nach bhfuilimid á rá go bhfuil sé glan dodhéanta intleacht ar leibhéal an duine a fhorbairt. Ní gá duit ach amharc sa scáthán chun cruthúnas a fheiceáil go bhféadfadh córas fisiciúil ag a bhfuil ard-intleacht a bheith ann. Chun athrá a dhéanamh ar a bhfuil ráite againn: ní thiocfaidh sár-intleacht chun cinn de bhun forbairt agus feidhmiú modhanna cúnga intleachta saorga chun fadhbanna sa saol nithiúil a réiteach (tabhair chun cuimhne an difir idir intleacht shaorga chúng agus intleacht shaorga ghinearálta ón rannán maidir le fealsúnacht na hintleachta saorga i gCaibidil 1)."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h3","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Cúis 2:"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ar an dara dul síos, tá an aonaracht mar a thugtar uirthi ar cheann de na smaointe is ansa leo siúd a chreideann in intleacht shaorga ag a bhfuil sár-intleacht: córas a dhéanann é féin a bharrfheabhsú agus a “athshreangú” ionas gur féidir leis a intleacht féin a fheabhsú ar ráta luasghéaraithe easpónantúil. Rachadh sár-intleacht dá leithéid sin chomh fada chun tosaigh ar an gcine daonna go bhfágfaí mar sheangáin arbh fhéidir iad a dhíothú gan dua iad. Ní réalaíoch an smaoineamh é go bhféadfadh intleacht méadú go heaspónantúil ar an gcúis shimplí go mbeadh ar an gcóras sin, fiú dá bhféadfadh sé barrfheabhas a chur ar a chuid oibríochtaí féin, go mbeadh air aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a éireodh níos deacra de réir a chéile agus a chuirfeadh moill ar a dhul chun cinn, faoi mar a bhíonn iarrachtaí níos mó agus tuilleadh acmhainní i gcónaí de dhíth ar eolaithe an chine dhaonna chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh, iarrachtaí agus acmhainní ón lucht taighde go léir agus ón sochaí féin fiú, rud nach mbeadh ar fáil don aonán ag a bhfuil an tsár-intleacht sin. Tá an chumhacht ag an sochaí dhaonna go fóill cad chuige a mbíonn teicneolaíocht, teicneolaíocht na hintleachta saorga go fiú, á n-úsáid againn a chinneadh. Is de dhroim na teicneolaíochta a bhfuil cuid mhaith den chumhacht sin faighte againn agus mar sin gach uair a dhéanaimid dul chun cinn maidir le teicneolaíocht na hintleachta saorga, éirímid níos cumhachtaí agus níos fearr ar na rioscaí féideartha a ghabhann léi a rialú."}]},{"type":"text","value":"\n "},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"An fhadhb um ailíniú luachanna","description":"Tugtar an fhadhb um ailíniú luachanna ar shampla an fháiscín pháipéir: bíonn sé thar a bheith deacair cuspóirí an chórais a shonrú ionas go mbeidís ailínithe lenár luachanna. Cuir i gcás, áfach, dá gcruthóimis córas ag a mbeadh sár-intleacht, córas a d’fhéadfadh daoine a dhéanfadh iarracht cur isteach ar a chuid oibre a chur faoi chois. Is toimhde réasúnta áfach go mbeadh intleacht leorga ag córas dá leithéid sin a thuiscint sa chás go ndéarfaimis “déan fáiscíní páipéir”, nach é a bheadh i gceist againn gur cheart an Domhain a iompú ina mhonarcha fáiscín pháipéir ar scála pláinéadach."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Scéalta a scaradh ón réaltacht"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ar an iomlán, is scéal iontach é an Terminator le haghaidh scannán ach is ar éigean gur fadhb í ar fiú aon scaoll a bheith fúinn ina leith. Is gimic é an Terminator, bealach éasca chun aird a tharraingt, eiseamláir chuidsúlach d’iriseoirí chun rátaí cliceála a mhéadú, scéal thairis chun aird a chur ar seachrán ó fhíorbhagairtí, atá leadránach b’fhéidir, ar nós airm núicléacha, easpa daonlathais, caismirtí comhshaoil agus an t-athrú aeráide. I bhfírinne, is é an fhíorbhagairt ón Terminator go ndéanfaí iúl daoine a thógáil d’fhadhbanna iarbhír, cuid acu bainteach le hintleacht shaorga, agus go leor eile gan aon bhaint acu léi. Pléifimid na fadhbanna a ghabhann le hintleacht shaorga sa mhéid a leanas, ach is é seo bun agus barr an scéil: déan dearmad faoin Terminator, tá i bhfad níos mó rudaí tábhachtacha amuigh ansin ar cheart dúinn díriú isteach orthu."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"quiz","properties":{"quizid":"8cee8e02-b893-558e-9698-8db82620e8e6","peerreviewid":"31d291ef-1fb6-4009-8ebe-fec72036f799"},"children":[{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"}]}],"data":{"quirksMode":false}},"frontmatter":{"path":"/ga/6/1","title":"Maidir le tuar na todhchaí","section":1,"part":6,"lang":"ga"}},"allRelatedSections":{"totalCount":3,"edges":[{"node":{"htmlAst":{"type":"root","children":[{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"lead","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tosóimid trí aghaidh a thabhairt ar fhadhb atá aitheanta mar cheann de na fadhbanna is deacra dá bhfuil ann: tuar na todhchaí."}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Seans go mbeidh sé ina ábhar díomá duit é seo a chloisteáil, ach níl aon liathróid chriostail againn a thaispeánfadh dúinn an dóigh a mbeidh an domhan sa todhchaí ná an dóigh a ndéanfaidh intleacht shaorga ár saol a athrú amach anseo."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ós eolaithe muid, is minic a iarrtar orainn tuartha a dhéanamh, agus nuair a dhiúltaímid, glactar lenár bhfreagra le hiompú cáinteach na súl i gceann an duine (“a leithéid d’acadóirí leadránacha”). I ndáiríre, is é a deirimid féin ná gur cheart amhras a bheith ort faoi dhuine ar bith a mhaíonn gurb eol dó todhchaí na hintleachta saorga agus na himpleachtaí a bheidh i ndán dár sochaí mar gheall uirthi."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"illustrations","properties":{"motive":"hammock","color":"#FFC07F","frombottom":"15%","totalheight":"63%"},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Réimse saofa na réadúlachta"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ní bhíonn gach duine chomh coimeádach faoina réamhaisnéisí áfach. I saol na linne seo ina gcuirtear tuilleadh luacha ar chinnlínte móra, agus inar gá an nuacht a achoimriú chomh dlúth le 280 carachtar, cuirtear teachtaireachtaí leamha coimeádacha ar leataobh, agus tugtar tús áite don aibhéal agus do theachtaireachtaí simplí agus drámatúla. Ó thaobh thuiscint an phobail ar IS, is léir gur fíor é sin."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Ó fhíseanna útóipeacha go tuartha gruama","description":"Bíonn earnáil na meán faoi anáil na dtuartha is imeallaí. Feictear na laethanta seo, daoine atá cáiliúil i dtaobh na hintleachta saorga, a chreideann in aon smaoineamh mór amháin, ag déanamh réamhaisnéisí feasa faoi thodhchaí na hintleachta saorga. Is breá leis na meáin teachtaireachtaí soiléire. Geallann cuid acu todhchaí útóipeach lena mbainfeadh borradh easpónantúil agus tionscail na dtrilliún dollar ag eascairt as gorm na spéire, fíorintleacht shaorga a réiteodh gach fadhb nach féidir linn a réiteach muid féin, agus ré ina mbeadh daoine saor ó dhaoirse na hoibre.

Tuartar freisin gur bealach é an intleacht shaorga chun forlámhas domhanda a bhaint amach. Déanann daoine eile ráitis níos éagsamhalta fós gurb ionann intleacht shaorga agus deireadh an chine dhaonna (tuairim is 20-30 bliain amach ón am seo), go n-athrófar an bheatha í féin go n-athrófar an bheatha í féin i “ré na hintleachta saorga”, agus go bhféadfadh an intleacht shaorga deireadh a chur leis an gcine daonna féin."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is é is dócha go mbeidh cuid de na réamhaisnéisí ar aon dul leis an todhchaí i bpáirt ar a laghad, i gcás roinnt eile acu ní bheidh iontu ach samplaí ar a dheacair agus a bhíonn sé tuar a dhéanamh, agus beidh go leor eile acu gan dealramh in aon chor. Is é is cuspóir dúinn go mbeidh tú in ann amharc ar na réamhaisnéisí sin agus ar chinn eile, agus a bheith in ann iad a mheas go criticiúil."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Maidir le gráinneoga agus sionnaigh"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Déanann an t-eolaí polaitiúil "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"href":"https://en.wikipedia.org/wiki/Philip_E._Tetlock","target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"]},"children":[{"type":"text","value":"Philip E. Tetlock"}]},{"type":"text","value":", údar "},{"type":"element","tagName":"em","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Superforecasting: The Art and Science of Prediction"}]},{"type":"text","value":", daoine a aicmiú ina dhá chatagóir: iadsan nach bhfuil ach aon smaoineamh mór acu (“gráinneoga”), agus iad siúd a bhfuil an t-iliomad smaointí beaga acu (“sionnaigh”). Rinne Tetlock turgnamh idir 1984 agus 2003 chun staidéar a dhéanamh ar thosca a bheadh ina gcuidiú dúinn na tuartha ar dhócha iad a bheith cruinn nó míchruinn a aithint. I measc na gcinntí suntasacha fuarthas amach go mbíonn claonadh ag sionnaigh a bheith i bhfad níos fearr i mbun tuartha ná gráinneoga, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le réamhaisnéisiú fadtéarmach."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is mó an seans i gcónaí gurb iad smaointe móra agus simplí na ngráinneog na teachtaireachtaí ar féidir iad a chur in iúl gan ach 280 carachtar. Is é ár gcomhairle aird a thabhairt ar fhoinsí faisnéise a bhfuil bonn cirt agus cothromaíocht ag gabháil leo, agus a bheith amhrasach faoi dhaoine a mhíníonn gach uile rud i gcónaí leis an t-aon argóint cheannann chéanna."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is deacair an rud é an todhchaí a thuar ach ar a laghad is féidir linn intleacht shaorga san am atá thart agus san am atá i láthair a bhreithniú, agus de bhun na tuisceana sin, le cúnamh Dé, a bheith ullamh ar dhóigh níos fearr don todhchaí, bíodh sí maith nó olc."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"illustrations","properties":{"motive":"winter","color":"#859fff","frombottom":"0","totalheight":"100%"},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Geimhridh na hintleachta saorga"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is iomaí thuas seal thíos seal a bhí ann i stair na hintleachta saorga, faoi mar a bhíonn i gcás treochtaí in go leor réimsí eolaíochta eile. Paraidím is ea an téarma le haghaidh treocht i bhfealsúnacht na heolaíochta. De ghnáth, glacann an chuid is mó den phobal taighde le paraidím áirithe agus déanann siad tuartha soirbhíocha faoin dul chun cinn lena bhfuiltear ag súil roimh i bhfad. Mar shampla, sna 1960í creideadh go forleathan go réiteodh líonraí néaracha fadhbanna uile na hintleachta saorga trí aithris a dhéanamh ar néarchóras foghlama an nádúir, inchinn an duine go háirithe. Córais shaineolaíocha a bhí ar an gcéad iontas eile agus iad bunaithe ar loighic agus ar rialacha arna gcódú ag duine agus bhí na córais sin ar an bparaidím ba mhó le linn na 1980í."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Timthriall na gaotaireachta"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ag tús gach ré, cuireann roinnt luathscéalta ratha sonas agus soirbhíochas ar chách. Tarraingítear aird an phobail ar na scéalta ratha, fiú mura mbaineann siad ach le réimsí teoranta agus iad easnamhach ar neart bealaí. Brostaíonn go leor taighdeoirí isteach i réimse na hintleachta saorga – nó ar a laghad luann siad intleacht shaorga lena gcuid taighde – d’fhonn teacht ar an maoiniú méadaithe taighde. Déanann cuideachtaí a gcuid iarrachtaí a thionscnamh agus a fhairsingiú i dtaobh intleacht shaorga ar eagla go gcaillfidís amach (FOMO i mBéarla)."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Go dtí seo, gach uair a bhí réiteach ginearálta uile-chuimsitheach i leith na hintleachta saorga in ainm agus a bheith ar na bacáin, chuirfí bac faoi dheireadh ar an dul chun cinn de dheasca fadhbanna do-réitithe, ar measadh nach raibh iontu ach fadhbanna beaga ag an am. I gcás líonraí néaracha sna 1960í, bhain na fadhbanna beaga le láimhseáil neamhlíneachtaí agus réiteach na bhfadhbanna meaisínfhoghlama a ghabhann le méadú ar líon na bparaiméadar a bhíonn ag teastáil ó ailtireachtaí líonraí néaracha. I gcás córais shaineolaíocha sna 1980í, bhain na fadhbanna beaga le láimhseáil éiginnteachta agus gnáthchéille. De réir mar a tuigeadh fíor-nádúr na bhfadhbanna a bhí fágtha i ndiaidh na mblianta streachailte agus gealltanais nár comhlíonadh go sásúil, ghéaraigh ar an doirbhíochas faoin bparaidím as a dtáinig geimhreadh i leith na hintleachta saorga: tháinig laghdú ar an spéis sa réimse agus díríodh iarrachtaí taighde in áiteanna eile."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Intleacht shaorga ár linne"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Faoi láthair, ó thús na mílaoise, tá borradh faoi earnáil na hintleachta saorga arís. Bíonn claonadh ag modhanna intleachta saorga nua-aimseartha díriú ar fhadhb a bhriseadh síos i roinnt fadhbanna beaga leithliseacha dea-shainithe agus iad a réiteach ceann ar cheann. Tá intleacht shaorga nua-aimseartha ag seachaint ceisteanna móra faoi bhrí na hintleachta, na hintinne agus na comhfhiosachta, ag díriú isteach ar réitigh fhóinteacha a fhorbairt chun dul i ngleic le fadhbanna sa saol nithiúil. Dea-scéal dúinne go léir agus sinn in ann leas a bhaint as réitigh dá leithéid!"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tréith eile de mhodhanna nua-aimseartha na hintleachta saorga, a bhaineann go dlúth le hobair i saol nithiúil atá casta agus “trí chéile”, is ea an cumas déileáil leis an éiginnteacht, rud a léiríomar trí staidéar a dhéanamh ar úsáidí dóchúlachta i dtaobh na hintleachta saorga i gCaibidil 3. Faoi dheoidh, cuireadh go mór leis an mborradh faoin intleacht shaorga mar gheall ar an spéis as an nua i líonraí néaracha agus i dteicnící domhainfhoghlama atá in ann íomhánna agus sonraí an tsaoil nithiúil a phróiseáil ar dhóigh atá níos fearr ná aon rud a bhí déanta roimhe seo."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Mar sin an bhfuilimid fós faoi scáth thimthriall na gaotaireachta?","description":"Neosfaidh an aimsir cé acu atá an stair timthriallach nó nach bhfuil, agus cé acu a thiocfaidh geimhreadh eile don intleacht shaorga sna sála ar an mborradh atá ann faoi láthair nó nach dtiocfaidh. Má thagann féin, agus má thagann moill agus fos ar an dul chun cinn chun réitigh níos fearr a fháil, tá suntasacht na hintleachta saorga sa tsochaí buan. A bhuí leis an mbéim ar réitigh fhóinteacha ar fhadhbanna sa saol nithiúil, bíonn taighde nua-aimseartha ar an intleacht shaorga tairbhiúil cheana sa lá atá inniu ann, seachas a bheith ag iarraidh na ceisteanna móra faoin intleacht i gcoitinne a réiteach i dtosach – an chúis gur theip ar iarrachtaí roimhe seo."},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tuar 1: Beidh IS mórthimpeall orainn i gcónaí"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Faoi mar is cuimhin leat, thosaíomar ag spreagadh staidéar ar an intleacht shaorga trí fheidhmeanna suntasacha na hintleachta saorga a imríonn tionchar ar ár saol a phlé. Rinneamar trí shampla a thabhairt chun suntais: feithiclí uathrialaitheacha, córais moltaí, agus próiseáil íomhánna agus físeán. Le linn an chúrsa, phléamar freisin raon leathan feidhmeanna eile a rannchuidíonn leis an aistriú teicneolaíoch atá ar siúl."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"An difríocht a dhéanann intleacht shaorga","description":"Cion agus gur díríodh ar phraiticiúlacht seachas ar na fadhbanna móra, gabhaimid ar aghaidh leis an saol agus an intleacht shaorga ag imirt tionchair i gcónaí (fiú má táimid go gliondrach dall ar a leithéid an chuid is mó den am): an ceol lena n-éistimid, na táirgí a cheannaímid ar líne, na scannáin agus na sraitheanna ar a n-amharcaimid, ár mbealaí iompair, agus fiú an nuacht agus an fhaisnéis a bhíonn ar fáil dúinn, bíonn siad go léir ag sleamhnú faoi anáil thionchar méadaitheach na hintleachta saorga. Anuas air sin, go bunúsach bíonn gach aon réimse eolaíochta, ón leigheas agus ón réalteolaíocht go stair na meánaoiseach ag baint leasa as modhanna intleachta saorga chun cur lenár dtuiscint ar an gcosmas agus orainn féin."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"illustrations","properties":{"motive":"terminator","color":"#e9e9ed","frombottom":"0","totalheight":"80%"},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tuar 2: ní bheidh aon Terminator sa mhullach orainn"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tá an Terminator ar cheann de na smaointe is forleataí agus is dianseasmhaí maidir le todhchaí na hintleachta saorga. Ar eagla gur éirigh leat cailliúint amach ar íomhá an róbait dhaonnóidigh bhrúidiúil sin ag a bhfuil cnámharlach miotail agus súile scéiniúla...bheul, is mar sin é. Is scannán é The Terminator a tháinig amach in 1984 a raibh James Cameron ina stiúrthóir air. Sa scannán, éiríonn córas cosanta domhanda atá faoi chumhacht na hintleachta saorga comhfhiosach gurb ann dó agus díbríonn sé an chuid is mó den chine daonna de dhroim an tsaoil le hairm núicléacha agus róbaití marfacha ardteicneolaíochta."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Dhá chás ó bhroinne an bhrátha","description":"Tá dhá chás mhalartacha ann a maítear go bhféadfaidís a bheith ina gcúis le haghaidh theacht an Terminator nó cineálacha scáfara eile de cheannaircí róbaití. Sa chéad cheann, .i. an scéal ó scannán a tháinig amach in 1984, éiríonn córas intleachta saorga comhfhiosach agus breithníonn sé go bhfuil an dearg-ghráin aige ar an gcine daonna i gcoitinne.

Sa dara cás malartach, bíonn an t-arm róbaití á rialú ag córas intleachta saorga a bhfuil intleacht aige ach nach bhfuil ina chóras intleachta saorga comhfhiosach agus dá réir sin é faoi smacht ag daoine i bprionsabal. Is féidir an córas a ríomhchlárú, cuir i gcás, chun táirgeadh fáiscíní páipéir a bharrfheabhsú. Neamhurchóideach go leor, meas tú?

Ach dá mbeadh intleacht uachtarach ag an gcóras, roimh i bhfad bhainfeadh sé amach uasleibhéal tháirgeadh na bhfáiscíní páipéir a bheadh indéanta leis na hacmhainní a bheadh ar fáil, fuinneamh agus amhábhair, cuir i gcás. Ina dhiaidh sin, seans go gcinnfeadh sé gur ghá dó tuilleadh acmhainní a athdhíriú i dtreo tháirgeadh na bhfáiscíní páipéir. Chun é sin a dhéanamh, seans go mbeidh air úsáid acmhainní le haghaidh cuspóirí eile a chosc fiú má tá siad ríthábhachtach le haghaidh shibhialtacht an chine dhaonna. Is é an bealach is éasca chun é sin a dhéanamh ná na daoine go léir a mharú, agus ina dhiaidh sin beidh i bhfad níos mó acmhainní ar fáil do phríomhthasc an chórais, .i. fáiscíní páipéir a tháirgeadh."},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Na cúiseanna go bhfuil na cásanna sin neamhréalaíoch"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tá roinnt cúiseanna ann gur éadóigh iad na cásanna thuas araon agus go mbaineann siad le ficsean eolaíochta seachas le tuairimíocht dháiríre faoi thodhchaí na hintleachta saorga."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h3","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Cúis 1:"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ar an gcéad dul síos, is saonta an smaoineamh é go n-éireodh intleacht shaorga comhfhiosach ag a bhfuil sár-intleacht aníos gan choinne as forbairt ar mhodhanna intleachta saorga agus an cumas aici an lámh in uachtar a fháil ar an gcine daonna. Faoi mar atá feicthe agat sna caibidlí roimhe seo, níl i modhanna intleachta saorga ach réasúnaíocht uathoibrithe, bunaithe ar mheascán prionsabal atá glan intuigthe agus an-chuid sonraí ionchuir, a mbíonn an dá shórt ruda sin á gcur ar fáil ag daoine nó ag córais a imlonnaíonn daoine. Bheadh samhlaíocht (thar a bheith) bríomhar ag teastáil ag duine chun a shamhlú go bhféadfadh aicmitheoir na comharsan is gaire, cúlchéimniú líneach, inneall cluiche AlphaGo, nó fiú domhainlíonra néarach éirí comhfhiosach agus tabhairt faoi éabhlóidiú ina intinn intleachta saorga ag a bhfuil sár-intleacht."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tabhair faoi deara nach bhfuilimid á rá go bhfuil sé glan dodhéanta intleacht ar leibhéal an duine a fhorbairt. Ní gá duit ach amharc sa scáthán chun cruthúnas a fheiceáil go bhféadfadh córas fisiciúil ag a bhfuil ard-intleacht a bheith ann. Chun athrá a dhéanamh ar a bhfuil ráite againn: ní thiocfaidh sár-intleacht chun cinn de bhun forbairt agus feidhmiú modhanna cúnga intleachta saorga chun fadhbanna sa saol nithiúil a réiteach (tabhair chun cuimhne an difir idir intleacht shaorga chúng agus intleacht shaorga ghinearálta ón rannán maidir le fealsúnacht na hintleachta saorga i gCaibidil 1)."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h3","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Cúis 2:"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ar an dara dul síos, tá an aonaracht mar a thugtar uirthi ar cheann de na smaointe is ansa leo siúd a chreideann in intleacht shaorga ag a bhfuil sár-intleacht: córas a dhéanann é féin a bharrfheabhsú agus a “athshreangú” ionas gur féidir leis a intleacht féin a fheabhsú ar ráta luasghéaraithe easpónantúil. Rachadh sár-intleacht dá leithéid sin chomh fada chun tosaigh ar an gcine daonna go bhfágfaí mar sheangáin arbh fhéidir iad a dhíothú gan dua iad. Ní réalaíoch an smaoineamh é go bhféadfadh intleacht méadú go heaspónantúil ar an gcúis shimplí go mbeadh ar an gcóras sin, fiú dá bhféadfadh sé barrfheabhas a chur ar a chuid oibríochtaí féin, go mbeadh air aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a éireodh níos deacra de réir a chéile agus a chuirfeadh moill ar a dhul chun cinn, faoi mar a bhíonn iarrachtaí níos mó agus tuilleadh acmhainní i gcónaí de dhíth ar eolaithe an chine dhaonna chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh, iarrachtaí agus acmhainní ón lucht taighde go léir agus ón sochaí féin fiú, rud nach mbeadh ar fáil don aonán ag a bhfuil an tsár-intleacht sin. Tá an chumhacht ag an sochaí dhaonna go fóill cad chuige a mbíonn teicneolaíocht, teicneolaíocht na hintleachta saorga go fiú, á n-úsáid againn a chinneadh. Is de dhroim na teicneolaíochta a bhfuil cuid mhaith den chumhacht sin faighte againn agus mar sin gach uair a dhéanaimid dul chun cinn maidir le teicneolaíocht na hintleachta saorga, éirímid níos cumhachtaí agus níos fearr ar na rioscaí féideartha a ghabhann léi a rialú."}]},{"type":"text","value":"\n "},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"An fhadhb um ailíniú luachanna","description":"Tugtar an fhadhb um ailíniú luachanna ar shampla an fháiscín pháipéir: bíonn sé thar a bheith deacair cuspóirí an chórais a shonrú ionas go mbeidís ailínithe lenár luachanna. Cuir i gcás, áfach, dá gcruthóimis córas ag a mbeadh sár-intleacht, córas a d’fhéadfadh daoine a dhéanfadh iarracht cur isteach ar a chuid oibre a chur faoi chois. Is toimhde réasúnta áfach go mbeadh intleacht leorga ag córas dá leithéid sin a thuiscint sa chás go ndéarfaimis “déan fáiscíní páipéir”, nach é a bheadh i gceist againn gur cheart an Domhain a iompú ina mhonarcha fáiscín pháipéir ar scála pláinéadach."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Scéalta a scaradh ón réaltacht"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ar an iomlán, is scéal iontach é an Terminator le haghaidh scannán ach is ar éigean gur fadhb í ar fiú aon scaoll a bheith fúinn ina leith. Is gimic é an Terminator, bealach éasca chun aird a tharraingt, eiseamláir chuidsúlach d’iriseoirí chun rátaí cliceála a mhéadú, scéal thairis chun aird a chur ar seachrán ó fhíorbhagairtí, atá leadránach b’fhéidir, ar nós airm núicléacha, easpa daonlathais, caismirtí comhshaoil agus an t-athrú aeráide. I bhfírinne, is é an fhíorbhagairt ón Terminator go ndéanfaí iúl daoine a thógáil d’fhadhbanna iarbhír, cuid acu bainteach le hintleacht shaorga, agus go leor eile gan aon bhaint acu léi. Pléifimid na fadhbanna a ghabhann le hintleacht shaorga sa mhéid a leanas, ach is é seo bun agus barr an scéil: déan dearmad faoin Terminator, tá i bhfad níos mó rudaí tábhachtacha amuigh ansin ar cheart dúinn díriú isteach orthu."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"quiz","properties":{"quizid":"8cee8e02-b893-558e-9698-8db82620e8e6","peerreviewid":"31d291ef-1fb6-4009-8ebe-fec72036f799"},"children":[{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"}]}],"data":{"quirksMode":false}},"excerpt":"Seans go mbeidh sé ina ábhar díomá duit é seo a chloisteáil, ach níl aon liathróid chriostail againn a thaispeánfadh dúinn an dóigh a mbeidh…","frontmatter":{"path":"/ga/6/1","title":"Maidir le tuar na todhchaí","part":6,"type":"section","lang":"ga","section":1}}},{"node":{"htmlAst":{"type":"root","children":[{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"lead","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"I bhfíorthús an chúrsa seo, phléamar go hachomair chomh tábhachtach agus a bhí an intleacht shaorga sa tsochaí inniu agus amárach ach san am sin, níorbh fhéidir linn é a phlé ach ar bhonn teoranta mar nach raibh go leor de na coincheapa agus de na modhanna teicniúla tugtha isteach againne chun an plé sin a bhunú ar théarmaí nithiúla."}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ós rud é go bhfuil tuiscint níos fearr againne ar choincheapa bunúsacha na hIntleachta Saorga, is amhlaidh is fearr is féidir linn na himpleachtaí a bhaineann leis an Intleacht Shaorga atá ann cheana a phlé go ciallmhar."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"illustrations","properties":{"motive":"implication-1","color":"#e9e9ed","frombottom":"0","totalheight":"70%"},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Impleacht 1: Laofacht algartamach"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tá Intleacht Shaorga (IS), agus go háirithe an mheaisínfhoghlaim, á n-úsáid chun cinntí tábhachtacha a dhéanamh ina lán earnálacha. Is leis sin a thagann an coincheap, laofacht algartamach, chun tosaigh. Is é an bhrí atá leis sin claonadh a leabú ann chun idirdhealú a dhéanamh de réir eitneachta, inscne, nó fachtóirí eile nuair a dhéantar cinntí faoi iarratais ar phoist, iasachtaí ó bhainc, agus mar sin de."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Arís eile, baineann sé leis na sonraí go huile is go hiomlán","description":"Is é an phríomhchúis atá le laofacht algartamach claonadh daoine sna sonraí. Nuair a dhéantar uirlis scagtha iarratas post a thraenáil i leith cinntí a rinne daoine, féadfaidh an t-algartam meaisínfhoghlama a fhoghlaim le hidirdhealú in aghaidh ban nó duine aonair ó chúlra áirithe eitneach, cuir i gcás. Tugtar faoi deara go bhféadfaidh sin tarlú fós agus fiú eitneacht agus inscne a bhaint de na sonraí ós rud é go mbeidh an t-algartam in ann leas a bhaint as ainm agus seoladh an iarratasóra."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ní bagairt hipitéiseach í an laofacht algartamach a chum taighdeoirí acadúla. Is ann don fheiniméan seo atá ag cur as do dhaoine inniu."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h3","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Fógraíocht ar líne"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tugadh faoi deara go mbíonn fógróirí ar líne, Google agus a leithéidí, ag taispeáint fógraí faoi phoist ar thuarastal níos ísle do mhná ná d’fhir. Mar an gcéanna, má dhéantar cuardach le hainm a bhfuil cuma air gur ainm Afrai-Mheiriceánach é, féadfaidh sé go dtiocfaidh fógra aníos ar an scáileán faoi uirlis chun taifid choiriúla a rochtain, rud nach móide go dtarlóidh sé murach sin."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h3","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Líonraí sóisialta"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ós rud é go bhfuil líonraí sóisialta ag bunú a gcuid moltaí faoi inneachar ar chliceanna úsáideoirí eile go bunúsach, is furasta is féidir na laofachtaí sin atá ann cheana a mhéadú, dá bharr sin, fiú más laofachtaí fíorbheaga ar dtús iad. Mar shampla, chonacthas go gcuirfeadh LinkedIn an cheist, le linn don úsáideoir a bheith ag cuardach lucht gairme a bhfuil céadainmneacha ban orthu, an raibh sé ag iarraidh ainm fir a bhí cosúil leis an ainm mná a scríobh síos i ndáiríre: dá ndéanfá cuardach ar Andrea, chuirfeadh an córas an cheist “an Andrew a bhí i gceist agat”? Má dhéanann daoine cliceáil ar phróifíl Andrew ó am go chéile, le teann fiosrachta b’fhéidir, chuirfeadh an córas Andrew i bhfad níos mó chun tosaigh sna cuardaigh ina dhiaidh sin."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tá a lán samplaí eile a d’fhéadfaimis a lua, agus is dóiche go bhfaca tú scéalta nuachta fúthu sin. Is é an easpa trédhearcachta an deacracht is mó nach n-úsáidtear an intleacht shaorga agus an mheaisínfhoghlaim in ionad córais atá bunaithe ar rialacha. Is cuid den scéal é sin de bharr na n-algartam agus na sonraí a bheith ina rúin trádála, rud a fhágann gurb éadóigh go n-osclóidh na cuideachtaí iad sin do ghrinnscrúdú poiblí. Agus fiú dá ndéanfaidís é sin, d’fhéadfadh sé a bheith deacair i gcuid mhór cásanna an chuid sin den algartam nó eilimintí na sonraí atá ina gcúis le cinntí idirdhealaitheacha."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"An trédhearcacht trí rialachán?","description":"Is céim mhór chun tosaigh i leith na trédhearcachta é An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Cuirtear ceangal ar gach cuideachta a bhfuil cónaí laistigh den Aontas Eorpach acu agus a bhfuil custaiméirí AE acu an méid seo a leanas a dhéanamh:

Ar a iarraidh sin, na sonraí atá bailithe acu faoi aon duine aonair a nochtadh (ceart rochtana)

Na sonraí sin a scrios nach bhfuil de dhíth chun oibleagáidí eile a chomhlíonadh nuair a iarrfar amhlaidh (an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad)

Míniúchán a chur ar fáil i leith phróiseáil na sonraí a dhéantar ar shonraí an chustaiméara (ceart chun míniúchán a fháil)

"},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is é an bhrí atá leis an bpointe deireanach, i bhfocail eile, nach mór do chuideachtaí, leithéidí Facebook agus Google, a bpróisis chinnteoireachta algartamacha a mhíniú agus seirbhísí á gcur ar fáil d’úsáideoirí AE ar a laghad. Níl sé soiléir fós, áfach, cad é go díreach atá i gceist le míniúchán. Má bhaintear úsáid as aicmitheoir na comharsan is gaire (Caibidil 4) chun cinneadh a dhéanamh, cuir i gcás, an féidir amharc air sin mar chinneadh inmhínithe agus arbh fhearr aicmitheoir i dtaca le cúlchéimniú loighisticiúil? Cad é faoi dhomhainlíonraí néaracha a bhfuil na milliúin paraiméadar i gceist leo sin, gan amhras ar bith, a dhéantar a oiliúint agus leas a bhaint as na teiribhearta sonraí? Tá dianphlé á dhéanamh i láthair na huaire faoin chur chun feidhme teicniúil i dtaca le hinmhínitheacht na gcinntí atá bunaithe ar an meaisínfhoghlaim. I gcás ar bith, is féidir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) feabhas a chur ar thrédhearcacht theicneolaíochtaí intleachta saorga."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"illustrations","properties":{"motive":"implication-2","color":"#e9e9ed","frombottom":"0","totalheight":"70%"},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Impleacht 2: Má fheiceann tú é, creidfidh tú é - nó an mar sin atá?"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Táimid cleachta lena chreidiúint a bhfeicimid. Nuair a fheicimid ceannaire ar an teilifís ag fógairt go rachaidh a dtír i mbun cogadh trádála le tír eile nó nuair a fhógraíonn urlabhraí cuideachta mór le rá cinneadh gnó tábhachtach, tá claonadh againne níos mó muiníne a chur ann ná go díreach an ráiteas a léamh mar fhoinse athscríofa de chuid iriseora éigin eile."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Mar an gcéanna, nuair a fheicimid fianaise ó láthair choire nó ó thaispeántas de ghiuirléid theicniúil nua, cuirimid níos mó tábhachta leis an bhfianaise ná leis an tuairisc scríofa a mhíníonn cad é an chuma atá ar an scéal."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ar ndóigh, is eol dúinne gur féidir bréagfhianaise a chumadh. Is féidir daoine a cheangal le háiteanna agus iad a chur sna háiteanna sin nár thug siad cuairt orthu riamh, i gcuideachta daoine nár casadh orthu in am ar bith, le feidhmchlár fóta-eagarthóireachta. Chomh maith leis sin, is féidir an chuma atá ar chúrsaí a athrú agus gan ach an soilsiú a choigeartú nó goile duine a tharraingt isteach i ngrianghraif shaora a ghlactar roimh ré agus ina dhiaidh chun fógraíocht a dhéanamh faoin bpiolla is déanaí le haghaidh aiste bia."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Tá an intleacht shaorga ag cruthú deiseanna atá ar leibhéal iomlán nua ar fad chun fianaise a chumadh:","description":"Is córas é Face2Face atá in ann an dreach atá ar dhuine a aithint agus é a chur ar aghaidh duine eile i bhfíseán Youtube.

Is uirlis í Lyrebird a dhéanann aithris uathoibríoch ar ghuth duine agus leas a bhaint as cúpla nóiméad de thaifeadadh samplach. Cé go bhfuil tuin róbaite atá le cloisteáil ar an bhfuaimchomhad ginte, déanann sé aithris measartha maith ar ghuth an duine."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"illustrations","properties":{"motive":"implication-3","color":"#e9e9ed","frombottom":"0","totalheight":"70%"},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Impleacht 3: Tuairimí faoin bpríobháideachas atá ag athrú"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is fada is eol dúinn go mbíonn cuideachtaí teicineolaíochta ag bailiú lear mór faisnéise faoina n úsáideoirí. Is iad is mó siopaí na grósaeireachta agus na miondíoltóirí eile roimhe seo a bhailigh sonraí ceannaigh mar gur thug siad cártaí dílseachta dá gcustaiméirí, rud a chuir ar chumas an tsiopa ceannacháin a cheangal le custaiméirí aonair."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Cruinneas na sonraí nach bhfacthas roimhe","description":"Tá na sonraí a bhailíonn cuideachtaí teicneolaíochta amhail Facebook, Google, Amazon agus a lán cuideachtaí eile fiche uair níos cruinne ná na sonraí ceannaigh a bhailíonn na gnáthshiopaí: i bprionsabal, is féidir gach clic, gach scrollú leathanaigh, agus an t-am a chaitheann tú ag breathnú ar aon inneachar, a thaifeadadh. Is féidir le suíomhanna gréasáin do stair bhrabhsála a rochtain mar gur dócha go bhfaighidh tú fógraí faoi thithe ósta in Barcelona mura ndéanann tú nascleanúint phríobháideach nó a leithéid i ndiaidh a bheith ag brabhsáil le haghaidh eitiltí amach chuig Barcelona ar shuíomh amháin."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"An cineál sin logála sonraí atá thuasluaite, áfach, ní IS fós é mar atá faoi láthair. De bharr an intleacht shaorga a úsáid, tiocfaidh cineálacha nua bagartha ar an bpríobháideachas againne chun cinn a d’fhéadfadh a bheith níos deacra a sheachaint fiú má bhíonn tú cúramach faoi d’fhéiniúlacht a nochtadh."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h3","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Anailís sonraí a úsáid chun daoine aonair a shainaithint"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is sampla maith de shaincheist dhosheachanta é an "},{"type":"element","tagName":"strong","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"dí-anaithnidiúchán"}]},{"type":"text","value":", a sháraíonn anaithnidiúchán sonraí a shíleamar a bheadh sábháilte. Is é an bhunfhadhb é, nuair a thuairiscímid torthaí anailíse, go bhféadfaidh na torthaí sin a bheith chomh sainiúil sin gur féidir rud éigin a fhoghlaim faoi úsáideoirí aonair a bhfuil a sonraí ar áireamh san anailís. Is gnáthshampla é eolas faoin ngnáth-thuarastal a iarraidh ar dhaoine a rugadh i mbliain ar leith agus a bhfuil cód poist ar leith acu. Ina lán cásanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh i gceist ach grúpa beag daoine, go minic duine amháin, agus d’fhéadfá a bheith ag tabhairt sonraí, mar sin, faoi thuarastal duine amháin."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Dhírigh taighdeoirí ar Ollscoil Texas in Austin a n-aird ar shampla suimiúil de  "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"href":"https://www.wired.com/2007/12/why-anonymous-data-sometimes-isnt/","target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"]},"children":[{"type":"text","value":"ashaincheist níos caolchúisí"}]},{"type":"text","value":". Rinne siad staidéar ar thacar sonraí poiblí a chuir Netflix ar fáil ina bhfuil 10 milliún tuairim a thug 500,000 úsáideoir anaithnid faoi scannáin, agus léiríodh sa tacar sonraí sin gur féidir a lán de na húsáideoirí Netflix a nascadh le cuntais úsáideoirí ar an mBunachar Sonraí Scannán Idirlín mar gur thug siad a dtuairimí faoi roinnt scannán ar an dá fheidhmchlár. Ar an dóigh sin, bhí na taighdeoirí in ann sonraí Netflix a dhí-anaithnidiú. Cé nach smaoineoidh tú gur scéal mór amach is amach é an bhfuil a fhios ag duine eile an tuairim a thug tú faoin scannán "},{"type":"element","tagName":"em","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Star Wars"}]},{"type":"text","value":" is déanaí, féadfar gnéithe dár saol a nochtadh (an pholaitíocht nó an ghnéasacht, cuir i gcás) de bharr na scannán a roghnaímid agus ba cheart dúinn a bheith i dteideal an t-eolas sin a choinneáil príobháideach."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h3","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Modhanna eile maidir le sainaithint"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"D’fhéadfá cur chuige comhchosúil a úsáid i bprionsabal chun cuntais úsáideoirí a mheaitseáil in aon seirbhís, nach mór, a bhailíonn sonraí mionchruinne faoi iompar úsáideoirí. Is sampla iad patrúin chlóscríbhneoireachta. Thaispeáin taighdeoirí ar Ollscoil Heilsincí gurbh fhéidir úsáideoirí a shainaithint ar a bpatrúin chlóscríbhneoireachta: na heatraimh ghearra idir eochairbhuillí ar leith nuair a bhítear ag clóscríobh téacs. Is é an bhrí atá leis sin gur féidir tú a shainaithint an chéad uair eile a bhainfidh tú úsáid as an tseirbhís atá acu, fiú má dhiúltaíonn tú d’fhéiniúlacht a thabhairt le fios go soiléir, de bharr go bhfuil rochtain ag duine éigin ar do phatrún clóscríbhneoireachta (b’fhéidir gur bhain tú úsáid as an suíomh gréasáin acu agus gur chláraigh tú leis trí d’ainm a thabhairt). Is féidir leo an fhaisnéis sin a dhíol don té atá ag iarraidh í a cheannach."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is ábhair iontais a lán de na samplaí thuas, nó codanna de na samplaí ar a laghad - d’fhéadfaí iad a sheachaint ina mhalairt de chás - tá a lán taighde á dhéanamh i láthair na huaire atá ag iarraidh aghaidh a thabhairt orthu. Go sonrach, tá sé d’aidhm sa réimse a dtugtar príobháideachas difreálach air algartaim na meaisínfhoghlama a fhorbairt lena ráthaítear go bhfuil na torthaí garbh go leor chun a sheachaint go ndéanfar ais-innealtóireacht ar phointí sonraí ar leith a úsáideadh sna halgartaim sin."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"illustrations","properties":{"motive":"implication-4","color":"#e9e9ed","frombottom":"0","totalheight":"70%"},"children":[]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Impleacht 4: An claochlú a tháinig ar shaol na hoibre"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Nuair a d’fhoghlaim an duine sa Chlochaois conas úsáid a bhaint as cloch ghéar chun cnámha ainmhithe marbha a bhriseadh agus a oscailt agus teacht ar fhoinse nua bhia, bhí níos ama agus fuinnimh acu do chuspóirí eile: an troid, céile a aimsiú, agus tuilleadh aireagán a dhéanamh. Tháinig an t-inneall gaile sna 1700í ansin a bhain úsáid as cineál cumhachta innill a bhí so-iompartha agus a chuir feabhas mór ar éifeachtúlacht na monarchana agus na long agus na traenacha chomh maith. As an uathoibriú a tháinig níos mó éifeachtúlachta i gcónaí: níos mó a fháil le níos lú. Go háirithe ó lár an fichiú haois, bhí ré dul chun cinn an uathoibrithe ann nach bhfacthas roimhe de bharr na forbartha teicneolaíochta. Is mar chuid den phróiseas leanúnach sin an intleacht shaorga."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tagann claochlú ar shaol na hoibre le gach céim chun feabhas a chur ar an uathoibriú. Nuair a baineadh úsáid as cloch ghéar, laghdaíodh an gá le seilg a dhéanamh agus bia a chruinniú; Nuair a tháinig an t-inneall gaile, laghdaíodh an gá le capaill agus le marcaigh; Nuair a tháinig an ríomhaire, laghdaíodh an gá le clóscríobhaithe, cuntasaíocht de láimh, agus a lán próiseála sonraí eile (agus méadaíodh an gá le breathnú ar fhíseáin faoi chait, de réir cosúlachta). Leis an intleacht shaorga agus an róbataic, laghdaíodh an gá lena lán cineálacha oibre atá leamh agus atriallach."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Stair a bhaineann le gníomhaíochtaí nua a fháil agus a dhéanamh","description":"San am a chuaigh thart, gach uair a rinneadh cineál amháin oibre a uathoibriú, tháinig daoine ar chineálacha nua chun a chur ina áit. Níl na cineálacha nua oibre chom hatrialach ná chomh neamhshuntasach céanna, agus tá níos mó roghanna agus cruthaitheachta i gceist leo. Is é an rud is mó faoin luas atá le dul chun cinn intleachta saorga agus teicneolaíochtaí eile i láthair na huaire go bhféadfadh sé gur mhó an claochlú ar shaol na hoibre ná riamh. Is féidir a shamhlú go n-imeoidh poist áirithe, tiomaint leoraí nó tacsaí, i gceann cúpla bliain eile. De bharr claochlú tobann den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh dífhostaíocht fhorleathan ann mar nach mbeadh an t-am ag daoine iad féin a oiliúint do chineálacha eile oibre.

Is é an beart coisctheach is tábhachtaí chun teacht thart ar a leithéid de shaincheisteanna móra na sochaí ná cuidiú le daoine óga oideachas cuimsitheach a fháil. Dá bharr sin, tá bonn á chur faoi na hiarrachtaí a dhéanann daoine a lán post difriúil a chuardach, ar poist iad nach bhfuil i bhfíorchontúirt imeacht as feidhm.

Tá sé tábhachtach chomh maith céanna tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an bhfoghlaim san áit oibre mar go mbeidh fíorbheagán dínn ann a bheidh i mbun an phoist chéanna i rith a ngairme beatha ar fad. Dá ngearrfaí siar ar na huaireanta oibre gach seachtain, bheadh sin ina chuidiú obair a thairiscint do níos mó daoine, ach de réir dhlíthe na heacnamaíochta, tá claonadh ann a chur daoine ag obair níos mó ná níos lú agus ní athrófaí an scéal sin mura dtabharfaí isteach beartas poiblí lena rialaítear méid na hoibre a dhéantar."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tá sé fíordheacair ráta agus méid na forbartha seo a thuar mar nach féidir linn todhchaí IS a thuar. Rinneadh roinnt meastachán i leith mhéid uathoibrithe post agus thuairiscigh taighdeoirí ar Ollscoil Oxford go mbeadh a oiread le "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"],"href":"https://www.economist.com/graphic-detail/2018/04/24/a-study-finds-nearly-half-of-jobs-are-vulnerable-to-automation"},"children":[{"type":"text","value":"47 % de phoist sna Stáit Aontaithe i mbaol"}]},{"type":"text","value":". Maidir leis na huimhreacha cruinne – 47 %, ní 45 % nó 49 % -, agus na dearthaí staidéir a bhfuil ainmneacha casta orthu agus a chuirtear le chéile chun teacht ar na huimhreacha sin, tá claonadh ag na hollscoileanna atá ar bharr an liosta agus a thuairiscíonn na huimhreacha sin na meastacháin a thabhairt le fios amhail is go bhfuil siad iontach iontaofa agus beacht (cuir i gcuimhne an pointe faoi mheastachán a dhéanamh ar ionchas saoil agus úsáid a bhaint as samhail líneach atá bunaithe ar mhéid teoranta sonraí). Tá sé mícheart a rá gur féidir cruinneas na n-uimhreacha sin laistigh de chéatadán amháin a thomhas. Tá an uimhir thuas, mar shampla, bunaithe ar amharc ar líon mór cur síos post - b’fhéidir barr do mhéire a lí agus á cur suas chun an ghaoth a mhothú - agus úsáid a bhaint as forais shuibiachtúla chun a chinneadh cé na tascanna is cosúil a dhéanfar a uathoibriú. Is furasta a thuiscint nach gcuireann daoine an dua orthu féin tuarascáil 79 leathanach ar fad a léamh lena n-áirítear ráitis den chineál seo "},{"type":"element","tagName":"em","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"“the task model assumes for tractability an aggregate, constant-returns to-scale, Cobb-Douglas production function"}]},{"type":"text","value":".” [Sa tsamhail tascanna, glactar le feidhm táirgthe Cobb-Douglas, bunaithe ar thoradh seasmhach chuig scála, comhiomlán, i leith soláimhsitheachta]. Mura léann tú a leithéid, áfach, ba cheart duit a bheith beagáinín amhrasach faoi na conclúidí freisin. Is é an fíorluach atá sa chineál sin anailíse go moltar inti na cineálacha post ar dócha go mbeidh siad i gcontúirt, ní sna fíoruimhreacha mar 47 %. Is é an tragóid é go bhfuil cuimhne ar cheannlínte na nuachta sin ina dtuairiscítear go mbeidh “an leathchuid de phoist na Stát Aontaithe, nach mór, i mbaol a ríomhairiúcháin” agus ní bhíonn cuimhne ar an gcuid eile den nuacht sin."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Mar sin de, cé na tascanna ar dóichí go ndéanfar a uathoibriú? Tá roinnt comharthaí soiléire ann faoi sin is féidir linn a thabhairt faoi deara cheana féin:"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"ul","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tá réitigh róbaitice uathrialaithí, a leithéid d’fheithiclí uathrialaitheacha, lena n-áirítear gluaisteáin, ladrainn agus báid nó "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"],"href":"https://www.reaktor.com/work/autonomousferry/"},"children":[{"type":"text","value":"báid farantóireachta"}]},{"type":"text","value":", ar tí a bheith ina bhfeidhmchláir thráchtála mhóra. Is deacair meastachán a dhéanamh ar shábháilteacht gluaisteán uathrialaitheach, ach moltar de réir na staitisticí nach bhfuil an tsábháilteacht ar an leibhéal riachtanach go fóill beag (leibhéal an ghnáth-thiománaí duine). Rinneadh dul chun cinn go han-ghasta, áfach, agus tá dlús á chur leis an dul chun cinn mar gheall ar mhéid na sonraí atá ar fáil."},{"type":"element","tagName":"br","properties":{},"children":[]}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is féidir feidhmchláir sheirbhísí custaiméirí, deasca cabhrach mar shampla, a uathoibriú ar bhonn an-chostéifeachtach. Ní bhíonn cáilíocht na seirbhíse le moladh i gcónaí i láthair na huaire agus is iad na deacrachtaí is mó próiseáil teanga (ní bhíonn an córas in ann an teanga labhartha a aithint ná an ghramadach a pharsáil) ná an loighic agus an réasúnú is gá a aithint ach an oiread chun an tseirbhís féin a sholáthar. Tagann feidhmchláir oibre i bhfearainn shrianta (a leithéid d"},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"],"href":"https://www.youtube.com/watch?v=BRUvbiWLwFI"},"children":[{"type":"text","value":"‘áirithintí bialainne nó áirithintí a dhéanamh chun bearradh gruaige a fháil"}]},{"type":"text","value":") ar an bhfód i rith an ama, áfach."}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ar an gcéad dul síos, is deacair a insint cé chomh luath a bheidh gluaisteáin uathrialaitheacha shábháilte agus iontaofa againn agus réitigh eile a chuirfear in ionad obair dhaoine. Lena chois sin, ní mór dúinne gan dearmad a dhéanamh de go ndéanann tiománaí leoraí nó tacsaí níos mó ná roth stiúrtha a chasadh: tá siad freagrach as a dhéanamh cinnte de go bhfuil an fheithicil ag oibriú mar is ceart, bíonn siad ag láimhseáil earraí agus ag déanamh idirbheartaíochta le custaiméirí, ráthaíonn siad sábháilteacht an lasta atá ar iompar acu agus sábháilteacht a gcuid paisinéirí, agus déanann siad cúram den iomad tascanna eile a fhéadfar a bheith i bhfad níos deacra a uathoibriú ná an tiomáint féin."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Cuirfear ar fáil obair nua a chruthófar mar gheall ar IS mar a tharla le dul chun cinn teicneolaíochta a rinneadh roimh seo. Is cosúil go ndíreoidh cuid níos mó den lucht saothair ar an taighde agus ar an bhforbairt sa todhchaí, agus ar thascanna ina bhfuil cruthaitheacht agus idirghníomhú duine le duine de dhíth. Más maith leat léamh níos mó faoin ábhar seo, féach an aiste mhaith faoi "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"href":"https://towardsdatascience.com/artificial-intelligence-and-the-rise-of-economic-inequality-b9d81be58bec","target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"]},"children":[{"type":"element","tagName":"i","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Artificial Intelligence and the Rise of Economic Inequality"}]},{"type":"text","value":" [An Intleacht Shaorga agus Teacht Chun Cinn an Neamhionannais Eacnamaíoch]"}]},{"type":"text","value":" ó pheann Abhinav Suri."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"quiz","properties":{"quizid":"a11a164f-3a45-50c8-815b-5dcd775d64a7","peerreviewid":"2a3e6bab-1ae3-423d-aed2-d805c578a9a1"},"children":[{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"}]}],"data":{"quirksMode":false}},"excerpt":"Ós rud é go bhfuil tuiscint níos fearr againne ar choincheapa bunúsacha na hIntleachta Saorga, is amhlaidh is fearr is féidir linn na…","frontmatter":{"path":"/ga/6/2","title":"Impleachtaí na hIntleachta Saorga ar an tSochaí","part":6,"type":"section","lang":"ga","section":2}}},{"node":{"htmlAst":{"type":"root","children":[{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"lead","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Cumas ár sochaí í féin a chur in oiriúint do na hathruithe a ghabhann leis an intleacht shaorga (IS), is ar chinntí móra a bhraitheann sé. Ní leis an teicneolaíocht a bhaineann na cinntí sin áfach, ach leis an bpolaitíocht."}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"De réir na fianaise uile atá againn go dtí seo, is fearr an saol a bheidh againn sa todhchaí de bharr na hintleachta saorga. Is fearr na seirbhísí nua a chuirfear ar fáil dúinn agus, a bhuí leis an bhfeabhas a thiocfaidh ar an táirgiúlacht, beidh torthaí níos fearr ann i ngach gné den saol – le go dtarlóidh sin, áfach, ní mór dúinn ár machnamh a dhéanamh go cúramach ar na himpleachtaí sochaíocha a bhaineann leis an intleacht shaorga agus deimhin a dhéanamh de go n-úsáidfear í ar son leas an phobail uile."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"An méid atá le déanamh lena chinntiú go n-éireoidh linn"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tá neart oibre amach romhainn."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"ul","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ní mór dúinn an claonadh algartamach a sheachaint ionas gur féidir linn an t-idirdhealú a laghdú seachas é a mhéadú."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ní mór dúinn a bheith criticiúil faoin méid a chuirtear os ár gcomhair óir, sa lá atá inniu ann, ní i gcónaí a dhéanann feiceáil fírinne. Caithfimid modhanna intleachta saorga a fhorbairt a chabhraíonn linn calaois a bhrath seachas a bheith de shíor ag iarraidh teacht ar bhealaí níos éasca leis an dubh a chur ina gheal ar a chéile."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ní mór dúinn rialú a leagan síos a chinnteoidh go mbeidh an ceart chun príobháideachais ag daoine, agus go ngearrfar pionós dian ar aon duine a sháróidh an ceart sin."}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ní mór dúinn freisin teacht ar bhealaí nua lena chinntiú go rachaidh an Intleacht Shaorga chun tairbhe do chách – ní mian linn éilít intleachta saorga a chruthú, dream a bhfuil sé d’acmhainn acu an teicneolaíocht intleachta saorga is déanaí a cheannach agus a úsáid, rud a threiseodh an neamhionannas eacnamaíoch ar dhóigh nár treisíodh cheana. Chuige sin, tá gá le breithiúnas polaitiúil cúramach (tabhair faoi deara gurb ionann breithiúnas polaitiúil agus cinntí faoi bheartais – is beag baint atá aige le vótaí toghcháin ná le teacht agus imeacht na bpáirtithe polaitiúla ná polaiteoirí aonair)."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"An tábhacht le beartas","description":"Cumas ár sochaí í féin a chur in oiriúint d’éabhlóid na hoibre agus do na hathruithe a ghabhann leis an Intleacht Shaorga, is ar chinntí móra a bhraitheann sé. Ní leis an teicneolaíocht a bhaineann na cinntí sin áfach, ach leis an bpolaitíocht.

An rialú maidir le húsáid na hintleachta saorga, is gá go gcloífeadh sé le prionsabail dhaonlathacha, agus ní mór an deis chéanna a bheith ag gach duine a thuairim a thabhairt faoin gcineál sochaí a theastaíonn uainn amach anseo. Is é an t-aon bhealach chun sin a dhéanamh ná gach eolas faoin teicneolaíocht a chur ar fáil don domhan mór saor in aisce. Beidh saineolaithe ann i gcónaí ar ndóigh, daoine a bhfuil níos mó eolais acu ar réimse áirithe ná mar atá ag an gcuid eile againn, ach ba cheart deis a bheith againn ar a laghad an méid atá á rá acu a mheas go criticiúil."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"An méid atá foghlamtha agat linne, cabhraíonn sé chun an sprioc sin a bhaint amach mar go dtugann sé buneolas cúlra faoin intleacht shaorga duit ionas gur féidir linn comhrá ciallmhar a bheith againn faoi IS agus faoi na himpleachtaí a bhaineann léi."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"An ról atá againn mar dhaoine aonair"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Mar is eol duit, thosaíomar an cúrsa seo le plé ar na feidhmeanna intleachta saorga is mó a théann i gcion orainn ó lá go lá, plé a bhí ina spreagadh chun tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an intleacht shaorga. Thugamar trí shampla: gluaisteáin gan tiománaí, córais teistiméireachtaí agus próiseáil íomhánna agus físeán. Chomh maith leis sin, tá plé déanta againn le linn an chúrsa ar raon leathan feidhmeanna eile atá mar chuid den aistriú teicneolaíochta reatha."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"note","properties":{"heading":"Clár oibre folaigh","description":"Tá clár oibre folaigh againn chomh maith. Bhíomar ag iarraidh deis a thabhairt duit sult a bhaint as sceitimíní na foghlama, agus eolas a chur ar na splancacha tuisceana sin nuair a scaoileann tú snaidhm de cheist a bhí casta rúnda tráth ach ar léir duit anois a ciall agus a brí. Sásamh na fiosrachta iad buanna den chineál sin. Ach is neamhbhuan an rud é an sásamh céanna. Ní luaithe freagra faighte againn ná go gcuirfimid an chéad cheist eile. Cad a tharlóidh ansin? Agus ina dhiaidh sin arís?

Tá súil againn gur éirigh linn do spéis san fhoghlaim a spreagadh. Is mian linn go leanfaidh tú ar do thuras foghlama agus go n-aimseoidh tú cúrsaí eile agus eolas breise faoin intleacht shaorga agus faoi aon ábhar eile is suim leat. Chun cabhrú leat ar d’aistear, tá roinnt nasc curtha le chéile a thabharfaidh tú chuig ábhar úsáideach suimiúil faoin intleacht shaorga."},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Tá an buneolas agat anois le gur féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoina bhfuil ag tarlú i saol na hintleachta saorga, agus faoin méid atá á dhéanamh lena chinntiú go mbaintear an úsáid cheart chuí aisti. Molaimid duit a bheith fiosrach faoi IS, agus más dóigh leat gur cheart dúinn riosca áirithe a phlé nó deis éigin a thapú, ná bíodh aon drogall ort do thuairim a chur chun tosaigh."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"quiz","properties":{"quizid":"454c1b45-6aca-51ba-9023-7bda0fec9eb6","peerreviewid":"28ee8120-1a0d-4563-b276-d14ffea92569"},"children":[{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"h2","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Ní críoch é seo. Seo an tús."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Sin a bhfuil againn go fóill. Míle buíochas as bheith linn. Eachtra iontach a bhí ann dúinn, agus tá súil againn gur thaitin sé leatsa freisin. Chomh fada linne de, níl an cúrsa críochnaithe go fóill – agus is dócha nach mbeidh choíche. Coinneoimid orainn á nuashonrú agus á fheabhsú, agus déanfaimid cinnte de go mbeidh sé i gcónaí ar an ollchúrsa oscailte ar líne is fearr ar domhan maidir leis an intleacht saorga (MOOC IS)."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Mar a deirim, níl an cúrsa thart, agus níor cheart duit smaoineamh go bhfuil do thuras i saol na hintleachta saorga thart ach oiread. Is gasta a dhéantar an dul chun cinn agus seans go mbíonn sé deacair coinneáil suas leis i gcónaí, ach is mór an faoiseamh dúinn uile nár athraigh na bunphrionsabail mórán le blianta anois. An buneolas faoi straitéisí réitithe fadhbanna, faoin neamhchinnteacht a láimhseáil agus faoi bheith ag foghlaim ó shonraí, fad is go bhfuil sé sin agat ba cheart go mbeifeá in ann na forbairtí nua a thuiscint i gceart. Is ar an gcúis sin a bhí ort léaráidí a tharraingt de chearca agus iad ag trasnú aibhneacha, mar aon le Túir Hanáí a dhéanamh, an dóchúlacht go gcuirfeadh sé báisteach i Heilsincí a ríomh agus aghaidheanna áthasacha a bhrath le líonra néarach. Bunphrionsabail agus buneilimintí na hintleachta saorga, is fearrde duit an t-eolas sin, agus is faide a mhairfidh sé, ná na sonraí teicniúla a bhaineann le réiteach IS ar leith a chur de ghlanmheabhair."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Anseo thíos tá na naisc a mheasaimid a bheith úsáideach. Lean ort ag foghlaim agus coinnigh an fhiosracht."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"p","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"“Níor scríobhadh an todhchaí go fóill. Níl sa chinniúint againn ach an méid a chruthaímid dúinn féin.” (John Connor)"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"ul","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"An seicheamh don chúrsa seo, , "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"],"href":"http://buildingai.elementsofai.com/"},"children":[{"type":"text","value":"Building AI"}]},{"type":"text","value":" (i mBéarla)"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is féidir breathnú ar na cúrsaí oscailte ar líne eile atá ag Ollscoil Heilsincí ag "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"],"href":"https://mooc.fi/en"},"children":[{"type":"text","value":"https://mooc.fi/en"}]},{"type":"text","value":"."}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"element","tagName":"a","properties":{"target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"],"href":"https://www.helsinki.fi/en/news/data-science/study-computer-science-actively-for-a-year-gain-admission"},"children":[{"type":"text","value":"Anois beidh gach duine in ann cur isteach ar an gcéad bhliain de chúrsaí ríomheolaíochta Ollscoil Heilsincí"}]}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Is féidir leatsa cur isteach ar chúrsaí "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"],"href":"https://www.helsinki.fi/en/studying"},"children":[{"type":"text","value":"Ollscoil Heilsincí"}]},{"type":"text","value":" freisin!"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Má tá cabhair uait chun críoch a chur le tionscadal IS do do chomhlacht, beidh "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"],"href":"https://www.reaktor.com/work/artificial-intelligence/"},"children":[{"type":"text","value":"foireann IS Reaktor"}]},{"type":"text","value":" sásta cuidiú leat!"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Cláir oiliúna breise a mholaimid: "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"],"href":"https://www.aaltopro.fi/aidiploma"},"children":[{"type":"text","value":"‘Dioplóma san Intleacht Shaorga’ le HY+/Aalto PRO/FCAI"}]},{"type":"text","value":", agus "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"],"href":"https://www.aaltoee.fi/aiperusteet"},"children":[{"type":"text","value":"‘AI:n perusteet’ le Aalto Executive Education (san Fhionlainnis)"}]}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"An físeán (atá 1 u 18 nóim ar fad) dar teideal "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"href":"https://www.youtube.com/watch?v=KNMy7NCQDgk","target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"]},"children":[{"type":"text","value":"“Cad is meaisínfhoghlaim ann?”"}]},{"type":"text","value":" le comhairleoir dár gcuid, Risto Siilasmaa"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"element","tagName":"a","properties":{"href":"https://www.youtube.com/watch?v=IpGxLWOIZy4","target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"]},"children":[{"type":"text","value":"An bhuntreoir éasca don mheaisínfhoghlaim"}]},{"type":"text","value":" (Luis Serrano/Udacity) (Luis Serrano/Udacity) (30 nóiméad)"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"element","tagName":"a","properties":{"href":"https://www.coursera.org/learn/machine-learning","target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"]},"children":[{"type":"text","value":"An MOOC faoin mheaisínfhoghlaim"}]},{"type":"text","value":" le Andrew Ng ar Coursera"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"element","tagName":"a","properties":{"href":"https://eu.udacity.com/school-of-ai","target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"]},"children":[{"type":"text","value":"Scoil na hIntleachta Saorga"}]},{"type":"text","value":", Udacity"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"li","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"Machine Learning - "},{"type":"element","tagName":"a","properties":{"href":"https://korbit.ai/machinelearning","target":"_blank","rel":["noopener","noreferrer"]},"children":[{"type":"text","value":"Learn AI with an AI (Korbit)"}]}]},{"type":"text","value":"\n"}]},{"type":"text","value":"\n"},{"type":"element","tagName":"div","properties":{},"children":[{"type":"text","value":"\n  "},{"type":"element","tagName":"part-summary","properties":{"chapter":"6","heading":"Tar éis duit Caibidil 6 a chríochnú, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:","listitems":"[\n  {\"content\":\"An deacracht a bhaineann leis an todhchaí a thuar, an deacracht sin a thuiscint, agus measúnú níos fearr a dhéanamh ar an méid a mhaítear faoin Intleacht Shaorga\"},\n  {\"content\":\"Cuid de na himpleachtaí móra sochaíocha a bhaineann leis an Intleacht Shaorga a aithint, an claonadh algartamach, inneachar IS-ghinte, príobháideachas agus obair san áireamh\"}\n    ]"},"children":[{"type":"text","value":"\n  "}]},{"type":"text","value":"\n"}]}],"data":{"quirksMode":false}},"excerpt":"De réir na fianaise uile atá againn go dtí seo, is fearr an saol a bheidh againn sa todhchaí de bharr na hintleachta saorga. Is fearr na…","frontmatter":{"path":"/ga/6/3","title":"Achoimre","part":6,"type":"section","lang":"ga","section":3}}}]},"allParts":{"totalCount":6,"edges":[{"node":{"frontmatter":{"title":"Cad í an intleacht shaorga?","path":"/ga/1","section":null,"part":1,"lang":"ga","bannerImage":{"publicURL":"/static/5cb707dcbce557b358c736c82a82b847/banner1.png"}}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Fadhbanna a fhuascailt leis an intleacht shaorga","path":"/ga/2","section":null,"part":2,"lang":"ga","bannerImage":{"publicURL":"/static/3217219fe81de9c2f030e51f04557962/banner2.png"}}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"IS sa saol nithiúil","path":"/ga/3","section":null,"part":3,"lang":"ga","bannerImage":{"publicURL":"/static/8433f94cdf930cb1172a332eda51a0ae/banner3.png"}}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"An mheaisínfhoghlaim","path":"/ga/4","section":null,"part":4,"lang":"ga","bannerImage":{"publicURL":"/static/fdc0e4c1dc187a976325542364658e54/banner4.png"}}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Líonrai néaracha","path":"/ga/5","section":null,"part":5,"lang":"ga","bannerImage":{"publicURL":"/static/8d6d86ca3c422d98b6213f5ddfbe8c07/banner5.png"}}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Impleachtaí","path":"/ga/6","section":null,"part":6,"lang":"ga","bannerImage":{"publicURL":"/static/2943d36053a6dd8bd40b3dc3832bb0f8/banner6.png"}}}}]},"currentPart":{"htmlAst":{"type":"root","children":[],"data":{"quirksMode":false}},"frontmatter":{"path":"/ga/6","title":"Impleachtaí","part":6,"lang":"ga","quote":"“Dá mhéad d’eolas faoin stair is ea is fearr d’ullmhacht don todhchaí.”","quoteAuthor":"Theodore Roosevelt","bannerImage":{"publicURL":"/static/2943d36053a6dd8bd40b3dc3832bb0f8/banner6.png"}}},"allSections":{"totalCount":18,"edges":[{"node":{"frontmatter":{"title":"Cén dóigh ar cheart dúinn intleacht shaorga a shainmhíniú?","path":"/ga/1/1","section":1,"part":1,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Cuardach agus réiteach fadhbanna","path":"/ga/2/1","section":1,"part":2,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Corrlach agus dóchúlacht","path":"/ga/3/1","section":1,"part":3,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Na cineálacha meaisínfhoghlama","path":"/ga/4/1","section":1,"part":4,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Buneolas faoi líonraí néaracha","path":"/ga/5/1","section":1,"part":5,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Maidir le tuar na todhchaí","path":"/ga/6/1","section":1,"part":6,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Réimsí gaolmhara","path":"/ga/1/2","section":2,"part":1,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Fadhbanna a fhuascailt leis an intleacht shaorga","path":"/ga/2/2","section":2,"part":2,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Riail Bayes","path":"/ga/3/2","section":2,"part":3,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Aicmitheoir na comharsan is gaire","path":"/ga/4/2","section":2,"part":4,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"An chaoi a dtógtar líonraí néaracha","path":"/ga/5/2","section":2,"part":5,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Impleachtaí na hIntleachta Saorga ar an tSochaí","path":"/ga/6/2","section":2,"part":6,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Fealsúnacht na hintleachta saorga","path":"/ga/1/3","section":3,"part":1,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Cuardach agus cluichí","path":"/ga/2/3","section":3,"part":2,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Aicmiúchán saonta Bayes","path":"/ga/3/3","section":3,"part":3,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Cúlchéimniú","path":"/ga/4/3","section":3,"part":4,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Teicnící ardleibhéil le líonraí néaracha","path":"/ga/5/3","section":3,"part":5,"lang":"ga"}}},{"node":{"frontmatter":{"title":"Achoimre","path":"/ga/6/3","section":3,"part":6,"lang":"ga"}}}]},"site":{"siteMetadata":{"languages":{"defaultLangKey":"en","langs":["en","fi","se","de","ee","fr","it","fr-be","no","lt","lv","nl-be","mt","hr","pl","en-ie","ga","nl","sk","da","ro","sl","is","de-at","en-lu","bg","cs","pt","es","el"]}}}},"pageContext":{"part":6,"type":"section","lang":"ga"}},"staticQueryHashes":["3539470774","3539470774"]}